Treoir maidir le do dhoiciméid a phostáil
- Coinnigh fótachóipeanna de GACH doiciméad atá á bpostáil agat. Cuir d’ainm agus d’uimhir CAO ar gach doiciméad a sheolann tú.
- Faigh cruthúnas postais gach uair a bhíonn doiciméid á bpostáil agat.
- Is féidir leat teastas postais a fháil ó An Post. Ar mhaithe le caoithiúlacht duit, tá ceithre dhuillíní deimhnithe postais réamhphriontáilte ar chlúdach cúil Lámhleabhar an CAO. Iarr ar an áiritheoir in An Post ceann de na teastais a stampáil agus do dhoiciméid á seoladh agat.
- Le deimhniú gur tháinig na doiciméid a chuir tú sa phost go sábháilte chuig an CAO, cuir cárta poist féinseolta stampáilte leis na doiciméid.
- Cuir na doiciméid tacaíochta go léir faoi bhráid an CAO, Teach an Túir, Sráid Eglinton, Gaillimh roimh 15 Márta 2023.
An bhfuil gach rud a theastaíonn uaim?
Cathain ba cheart dom iarratas a dhéanamh?
Lean an nasc seo le haghaidh na bpríomhdátaí agus na spriocdhátaí le haghaidh d’iarratais
Treoracha Iarratais, Acmhainní agus Foirmeacha
Breathnaigh ar an leathanach seo le haghaidh acmhainní inphriontáilte chun tacú le d’iarratas HEAR
Téarmaí agus Coinníollacha Iarratas
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil leis an Oifig Rochtana i gceann de na coláistí rannpháirteacha