Gairmí Cuí | Síciatraí Comhairleach NÓ Síceolaí NÓ Néareolaí NÓ Péidiatraí. Ar baill iad uile dá c(h)omhlacht gairmiúil nó rialála féin. Sa chás go bhfuil an t-iarratasóir faoi chúram Síciatraí, Néareolaí nó Péidiatraí Chomhairligh, is féidir le Cláraitheoir, ar ball é nó í dá f(h)oireann, fianaise ar mhíchumas a chur ar fáil. |
Cineál na Cáipéisíochta a Theastaíonn | Comhlíon an Fhoirm Chruthúnais ar Mhíchumas 2025 NÓ Cuir tuarascáil ar fáil atá comhlánaithe ag an ngairmí oiriúnach ina bhfuil na sonraí céanna agus atá le fáil san Fhoirm um Fhianaise ar Mhíchumas. Caithfidh an cháipéisíocht a bheith sínithe agus ar pháipéar ceannchlóite. I ngach cás, ba cheart do ghairmithe tagairt a dhéanamh do chritéir dhiagnóiseacha a nglactar leo go hidirnáisiúnta agus do mheasúnacht chuí. Mura féidir tagairt a dhéanamh don mhéid thuasluaite seans go bhféadfaí a chinneadh nach bhfuil an t-iarratasóir incháilithe do BRODM. |
Aois Riachtanach na Tuairisce | Ainneoin nach bhfuil aon teorainn aoise luaite leis an bhfianaise dhiagnóiseach a chuirtear ar fáil, moltar tuarascáil a cuireadh i dtoll a chéile le déanaí a chur ar fáil. |
Míchumais Eile | Cuir Foirm um Fhianaise ar Mhíchumas ar fáil do gach míchumas/riocht atá le breithniú. |
Ráiteas Tionchair Oideachasúil (RTO) | Cuireann an Ráiteas Tionchair Oideachasúil ar do chumas agus ar chumas do scoile sonraí a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a raibh tionchar ag do mhíchumas ar d’eispéireas in oideachas dara leibhéal. Tá an RTO riachtanach do gach iarratasóir. |
Incháilitheacht do BRODM | Tá an t-iarratasóir incháilithe nuair a bheidh diagnóis de Neamhord ar Speictream an Uathachais (lena n-áirítear Siondróm Asperger) curtha ar fáil ag an ngairmí oiriúnach AGUS nuair a chomhlíonann an t-iarratasóir aon mheascán de dhá tháscaire tionchair oideachais idir Táscaire 1 agus Táscaire 5 ar RTO. |