Critéir Scagthástála A Iarratasóirí ag a bhfuil Closghram
Gairmí Cuí | Éisteolaí Diagnóiseach/Cliniciúil cláraithe le hAcadamh Éireann na nÉisteolaí (IAA) NÓ Éisteoirí FSS NÓ Máinlia CSS. |
Cineál na Cáipéisíochta a Theastaíonn | Closghram. Tá sé inmholta, más féidir, go gcuimseofaí i gclosghraim, sonraí maidir le seoladh aeir agus cnáimhe. Beidh an t-iarratasóir neamh-incháilithe do BRODM má theipeann air nó uirthi closghram déthaobhach a chur ar fáil ó éisteolaí cáilithe. Sula gcuirtear closghram ar fáil, cinntigh an méid seo a leanas: Tá d’ainm agus do dháta breithe air Tá sé sínithe agus stampáilte nó tá cárta gnó/páipéar ceannteidil an éisteolaí a rinne an closghram curtha ar fáil Tá an closghram déanta ag éisteolaí FSS NÓ ag éisteolaí atá ainmnithe ar chlár Acadamh Éisteolaíochta na hÉireann (IAOA) NÓ Máinlia CSS Mura bhfuil closghram atá déanta agat déanta ag éisteolaí atá fostaithe ag FSS, is féidir leat a sheiceáil an bhfuil an tÉisteolaí cláraithe le IAOA trí chliceáil ar an nasc seo a leanas: http://www.iaoa.ie/register-of-audiologists/. Tabhair faoi deara NACH LEOR Tuairisc Feistithe Áise Éisteachta chun críche d’iarratais. Cinntigh go gcuireann tú na doiciméid chearta atá thuasluaite ar fáil. |
Aois Riachtanach na Tuairisce | Ainneoin nach bhfuil aon teorainn aoise luaite leis an bhfianaise dhiagnóiseach a chuirtear ar fáil, moltar tuarascáil a cuireadh i dtoll a chéile le déanaí a chur ar fáil. |
Míchumais Eile | Cuir Foirm um Fhianaise ar Mhíchumas ar fáil do gach míchumas/riocht atá le breithniú. |
Ráiteas Tionchair Oideachasúil (RTO) | Cuireann an Ráiteas Tionchair Oideachasúil ar do chumas agus ar chumas do scoile sonraí a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a raibh tionchar ag do mhíchumas ar d’eispéireas in oideachas dara leibhéal. Tá an RTO riachtanach do gach iarratasóir. Chomh maith leis sin, is féidir le Seirbhís Múinteoirí Cuartaíochta na Roinne Oideachais agus Scileanna Tuairisc Idirthréimhse a chur ar fáil d’iarratasóir BRODM; ach ní féidir a leithéid a úsáid seachas an Ráiteas Tionchair Oideachais. |
Incháilitheacht do BRODM | Beidh an t-iarratasóir incháilithe sna cásanna seo a leanas: léirítear ar an gclosghram gur ann do chaillteanas éisteachta déthaobhach idir measartha agus trom (i.e. aon rud níos mó ná 20dB) nó caillteanas éisteachta measartha aontaobhach níos mó ná 40dB in 3 mhinicíocht AGUS má chomhlíonann an t-iarratasóir aon mheascán de dhá tháscaire tionchair oideachais idir Táscaire 1 agus Táscaire 5 ar RTO. |
Critéir Scagthástála B Iarratasóirí atá ag freastal ar Scoil do Dhaoine Bodhra
Gairmí Cuí | Príomhoide na Scoile do Dhaoine Bodhra. |
Cineál na Cáipéisíochta a Theastaíonn | Litir a dheimhníonn tinreamh ó Phríomhoide na Scoile do Dhaoine Bodhra NÓ Foirm chomhlíonta Chruthúnas ar Mhíchumas 2026. |
Aois Riachtanach na Tuairisce | Ainneoin nach bhfuil aon teorainn aoise luaite leis an bhfianaise dhiagnóiseach a chuirtear ar fáil, moltar tuarascáil a cuireadh i dtoll a chéile le déanaí a chur ar fáil. |
Míchumais Eile | Cuir Foirm um Fhianaise ar Mhíchumas ar fáil do gach míchumas/riocht atá le breithniú. |
Ráiteas Tionchair Oideachasúil (RTO) | Cuireann an Ráiteas Tionchair Oideachasúil ar do chumas agus ar chumas do scoile sonraí a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a raibh tionchar ag do mhíchumas ar d’eispéireas in oideachas dara leibhéal. Tá an RTO riachtanach do gach iarratasóir. |
Incháilitheacht do BRODM | Beidh an t-iarratasóir incháilithe nuair a dheimhníonn Príomhoide Scoil na mBodhar i bPoblacht na hÉireann a t(h)inreamh sa scoil agus a stádas mar mhac léinn Bodhar AGUS nuair a chomhlíonann an t-iarratasóir aon mheascán de dhá tháscaire tionchair oideachais idir Táscaire 1 agus Táscaire 5 ar RTO. |
Critéir Scagtha C Iarratasóirí le hIonphlandú Cochla nó Áis Éisteachta Cnámhdhaingnithe (BAHA)
Gairmí Cuí | Comhairleach Cluaise, Sróine agus Scornaí (CSS) NÓ Comhordaithe Cláir Ionphlandaithe Cochla. |
Cineál na Cáipéisíochta a Theastaíonn | Féadfaidh iarratasóirí tuairisc ó chomhairleach CSS a chur ar fáil má tá na sonraí céanna le fáil uirthi agus atá san Fhoirm um Fhianaise ar Mhíchumas NÓ an Fhoirm um Fhianaise ar Mhíchumas 2025 a Chomhlánú. |
Aois Riachtanach na Tuairisce | Ainneoin nach bhfuil aon teorainn aoise luaite leis an bhfianaise dhiagnóiseach a chuirtear ar fáil, moltar tuarascáil a cuireadh i dtoll a chéile le déanaí a chur ar fáil. |
Míchumais Eile | Cuir Foirm um Fhianaise ar Mhíchumas ar fáil do gach míchumas/riocht atá le breithniú. |
Ráiteas Tionchair Oideachasúil (RTO) | Cuireann an Ráiteas Tionchair Oideachasúil ar do chumas agus ar chumas do scoile sonraí a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a raibh tionchar ag do mhíchumas ar d’eispéireas in oideachas dara leibhéal. Tá an RTO riachtanach do gach iarratasóir. |
Incháilitheacht do BRODM | Beidh an t-iarratasóir incháilithe nuair a dheimhnítear i bhfianaise ón gComhairleoir CSS NÓ ón gComhordaitheoir Cláir Ionphlandaithe Cochla go bhfuair an t-iarratasóir ionphlandú cochla nó áis éisteachta cnámhdhaingnithe (ÁÉCD) AGUS nuair a chomhlíonann an t-iarratasóir aon mheascán de dhá tháscaire tionchair oideachais idir Táscaire 1 agus Táscaire 5 ar RTO. |