Find out how you can access higher education in Ireland
Find out how you can access higher education in Ireland

Míchumas Fisiciúil

Tá an chatagóir seo de BRODM in úsáid dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta suntasacha acu. Mar shampla, d’fhéadfaí breithniú a dhéanamh ar iarratais dóibh siúd le Hipearluail nó le Costochoindríteas do BRODM faoi Thinneas Suntasach Leanúnach ar choinníoll gur cloíodh le gach treoirlíne iarratais eile. Áirítear ar an gcatagóir seo (ach ní go heisiach) Pairilis Cheirbreach, Galar na gCnámh Briosc, Spina Bifida, Airtríteas Réamatóideach/Oisté-airtríteas, Gortuithe an Chorda Dromlaigh, Diostróife Mhatánach, Hidriceifealas).

Gairmí Cuí Comhairleoir Ortaipéideach NÓ Comhairleoir ábhartha eile cuí don mhíchumas/ riocht.
Cineál na Cáipéisíochta a Theastaíonn Comhlánaigh an Fhoirm um Fhianaise ar Mhíchumas 2025 NÓ Cuir tuarascáil ar fáil atá comhlánaithe ag an ngairmí oiriúnach ina bhfuil na sonraí céanna agus atá le fáil san Fhoirm um Fhianaise ar Mhíchumas. Caithfidh an cháipéisíocht a bheith sínithe agus ar pháipéar ceannchlóite.
Aois Riachtanach na Tuairisce Ainneoin nach bhfuil aon teorainn aoise luaite leis an bhfianaise dhiagnóiseach a chuirtear ar fáil, moltar tuarascáil a cuireadh i dtoll a chéile le déanaí a chur ar fáil.
Míchumais Eile Cuir Foirm um Fhianaise ar Mhíchumas ar fáil do gach míchumas/riocht atá le breithniú.
Ráiteas Tionchair Oideachasúil (RTO) Cuireann an Ráiteas Tionchair Oideachasúil ar do chumas agus ar chumas do scoile sonraí a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a raibh tionchar ag do mhíchumas ar d’eispéireas in oideachas dara leibhéal. Tá an RTO riachtanach do gach iarratasóir.
Incháilitheacht do BRODM Beidh an t-iarratasóir incháilithe nuair a bheidh diagnóis maidir le deacracht shuntasach fhisiciúil nó soghluaisteachta curtha ar fáil ag gairmí cuí AGUS nuair a chomhlíonann an t-iarratasóir aon mheascán de dhá tháscaire tionchair oideachais idir Táscaire 1 agus 5 ar RTO  . 

For more information, contact the Access Office in one of the participating colleges

What is DARE?

 Find out more about DARE and how it might help you.

Still have more questions?

Here you will find the answers to questions we get asked the most about DARE applications.