Faigh amach conas is féidir leat teacht ar ardoideachas in Éirinn

Téarmaí agus Coinníollacha Iarratais le haghaidh BRA

Chun iarratas a dhéanamh ar BRA ní mór duit aontú le téarmaí agus coinníollacha BRA thíos: Deimhním gur léigh mé na téarmaí agus coinníollacha agus go nglacaimse leo de réir mar atá siad leagtha amach ach ‘tá’ a chliceáil.  Toilím gur féidir mo chuid sonraí a úsáid mar a shonraítear i dtéarmaí agus coinníollacha BRA.

1. Tá rialacha agus ceanglais an iarratais, atá sonraithe i Lámhleabhar Iarratais BRA, léite agam, tuigim iad agus tá sé beartaithe agam iad a chomhlíonadh.

 Tuigim go bhfuil freagracht ormsa (seachas ar mo thuismitheoirí, mo chaomhnóirí, mo mhúinteoirí nó duine ar bith eile) a chinntiú go bhfuil gach cuid de m’iarratas BRA á gcur isteach ar bhealach iomlán agus cruinn, laistigh de spriocdhátaí sonraithe BRA. 

Mura ndéantar amhlaidh, beidh tionchar diúltach aige sin ar m’iarratas BRA.

Tuigim an méid seo a leanas:

A) faisnéis curtha ar fáil ar m’fhoirm iarratais BRA faoin 1 Márta 2026,

(B) doiciméid faighte ag an CAO faoin 10 Márta 2026 agus, más cuí,

(C) aon doiciméad breise lorgtha ag BRA agus faighte laistigh den spriocdháta sonraithe,

(D) agus aon fhaisnéis bhreise a bhreithníonn BRA a bheidh ábhartha,

beidh siad á mbreithniú nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le toradh m’iarratais BRA.

Ní ghlacfaidh an CAO ná na hinstitiúidí BRA rannpháirteacha aon fhreagracht as aon chaillteanas ná cruatan a thagann chun cinn de bharr gur theip ar an iarratasóir eolas iomlán agus cruinn ag an am cuí.

Tuigim go bhféadfadh an fhaisnéis ar fad a chuirim ar fáil mar chuid de m’iarratas BRA a bheith faoi réir fíoraithe nó soiléirithe agus gur féidir le BRA doiciméid bhreise a lorg uaim i ndáil le haon ghné de m’iarratas. Mura n-éiríonn liom doiciméid bhreise a chur ar fáil laistigh de na spriocdhátaí sonraithe ní bheidh mé incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar BRA.

Tuigim go n-úsáideann BRA eolas maidir le do sheoladh baile lena dheimhniú an bhfuil cónaí orm i gceantar uirbeach nó tuaithe atá faoi mhíbhuntáiste agus gur féidir le BRA teagmháil a dhéanamh liom agus iarraidh orm cruthúnas ar an seoladh baile a chur ar fáil. Mura n-éiríonn liom cruthúnas ar sheoladh a chur ar fáil laistigh den spriocdháta sonraithe ní bheidh táscaire Phróifíl Cheantair BRA á chur ar fáil dom.

Tuigim, má thug mé le fios ar m’fhoirm iarratais BRA gur fhreastail mé ar Scoil Chomhionannais Deiseanna sna Scoileanna a Sheachadadh (DEIS) i gcomhair tréimhse níos faide ná 5 bliana de m’oideachas dara leibhéal, go bhfíoróidh BRA an fhaisnéis seo leis an Roinn Oideachais agus Scileanna (ROS) bunaithe go díreach ar an uimhir PSP a cuireadh ar fáil i gCuid 2 de m’fhoirm iarratais. Mura féidir le ROS m’fhaisnéis a fhíorú, tuigim go n-iarrfar orm doiciméid a sholáthar ó mo mheánscoil(eanna) ar a mbeidh eolas maidir le mo thinreamh ar scoil DEIS. Má theipeann orm fíorú ó mo scoil(eanna) a chur ar fáil laistigh den spriocdháta sonraithe ní bhronnfar táscaire Scoil DEIS BRA orm.

Tuigim, má thug mé le fios ar m’fhoirm iarratais BRA go bhfuil cárta leighis/cárta cuairte dochtúra agam féin nó ag mo thuismitheoirí/mo chaomhnóirí a mbeidh dáta bailí air ar an 31 Nollaig 2024 agus má chuir mé m’uimhir/a n-uimhreacha PSP ar fáil, go gcaithfear an méid sin a fhíorú go díreach le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Má chuirim uimhir/uimhreacha PSP míchruinne nó neamhiomlána ar fáil tuigim go gciallóidh sé sin nach mbronnfar táscaire an chárta leighis orm.

Tuigim, má ghlacaim le háit BRA, gur coinníoll den ghlacadh sin é nach mór dom freastal ar Chlár Seisiúin Tionscnaimh BRA san institiúid ardoideachais inar ghlac mé leis an áit. Má theipeann orm freastal ar an gClár sin gan cead a fháil roimh ré ón Oifig Rochtana nó ó oifig ábhartha eile san institiúid ardoideachais sin tuigim go bhféadfaí m’áit BRA a aistarraingt nó go bhféadfaí tacaíochtaí iontrála féideartha eile a aistarraingt i ndiaidh iontrála (e.g. tacaíochtaí airgeadais).

Tuigim go n-úsáidfear sonraí atá le fáil i m’iarratas BRA chun críocha taighde agus anailíse a bheidh á ndéanamh ag IAOnna, gníomhairí atá ag feidhmiú thar ceann IAOnna nó an CAO, ach go mbeidh na sonraí sin anaithnidithe agus nach mbeidh aon chuid de mo shonraí pearsanta inaitheanta má fhoilsítear a leithéid.

Tuigim go n-úsáidfear sonraí atá le fáil i m’iarratas BRA chun críocha taighde agus anailíse a bheidh á ndéanamh ag IAOnna, gníomhairí atá ag feidhmiú thar ceann IAOnna nó an CAO, ach go mbeidh na sonraí sin anaithnidithe agus nach mbeidh aon chuid de mo shonraí pearsanta inaitheanta má fhoilsítear a leithéid.

Sa chás go gcinntear go bhfuil bréagdhearbhuithe déanta agam, nó sa chás go gcinntear go bhfuil bréagdhearbhuithe déanta ag duine éigin eile mar chuid de m’iarratas BRA, tuigim nach mbeidh mé incháilithe chun páirt a ghlacadh in BRA. Chomh maith leis sin, tuigim go gcoimeádann na hinstitiúidí ardoideachais BRA an ceart gan m’iarratas a bhreithniú, agus/nó aon tairiscint ar áiteanna a chealú sa chás go gcinntear, i rith nó i ndiaidh iontrála ar chúrsa ardoideachais, gur cuireadh faisnéis fhalsa nó mhíthreorach ar fáil i m’iarratas BRA.

Deimhním go bhfuil an fhaisnéis ar fad atá curtha ar fáil agam i m’iarratas BRA cruinn agus fíor.

Eolas Breise

Cliceáil ar cheann de na naisc thíos chun tuilleadh eolais a fáil faoi BRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil leis an Oifig Rochtana i gceann de na coláistí rannpháirteacha

Cé dó bealach rochtana BRA?

Conas a dhéanaim iarratas?