Find out how you can access higher education in Ireland
Find out how you can access higher education in Ireland

Neamhord Easnaimh Airde (NEA)/ Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde (NHEA)

Gairmí Cuí Síciatraí Comhairleach NÓ
Síceolaí NÓ
Néareolaí NÓ
Péidiatraí.
Ar baill iad uile dá c(h)omhlacht gairmiúil nó rialála féin.
Sa chás go bhfuil an t-iarratasóir faoi chúram Síciatraí, Néareolaí nó Péidiatraí Chomhairligh, is féidir le Cláraitheoir, ar ball é nó í dá f(h)oireann, fianaise ar mhíchumas a chur ar fáil.
Cineál na Cáipéisíochta a Theastaíonn Comhlíon an Fhoirm Chruthúnais ar Mhíchumas 2025 NÓ
Cuir tuarascáil ar fáil atá comhlánaithe ag an ngairmí oiriúnach ina bhfuil na sonraí céanna agus atá le fáil san Fhoirm um Fhianaise ar Mhíchumas. Caithfidh an cháipéisíocht a bheith sínithe agus ar pháipéar ceannchlóite.
I ngach cás, ba cheart do ghairmithe tagairt a dhéanamh do chritéir dhiagnóiseacha a nglactar leo go hidirnáisiúnta agus do mheasúnacht chuí. Mura féidir tagairt a dhéanamh don mhéid thuasluaite seans go bhféadfaí a chinneadh nach bhfuil an t-iarratasóir incháilithe do BRODM.
Aois Riachtanach na Tuairisce Caithfidh an tuairisc a bheith níos lú ná 3 bliana d’aois, i.e. dátaithe tar éis an 1 Feabhra 2023.
Míchumais Eile Cuir Foirm um Fhianaise ar Mhíchumas ar fáil do gach míchumas/riocht atá le breithniú.
Ráiteas Tionchair Oideachasúil (RTO) Cuireann an Ráiteas Tionchair Oideachasúil ar do chumas agus ar chumas do scoile sonraí a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a raibh tionchar ag do mhíchumas ar d’eispéireas in oideachas dara leibhéal. Tá an RTO riachtanach do gach iarratasóir.
Incháilitheacht do BRODM Tá an t-iarratasóir incháilithe nuair a bheidh diagnóis maidir le  NEA/NHEA curtha ar fáil ag an ngairmí oiriúnach  AGUS nuair a chomhlíonann an t-iarratasóir aon mheascán de dhá tháscaire tionchair oideachais idir Táscaire 1 agus Táscaire 5 ar RTO.

For more information, contact the Access Office in one of the participating colleges

What is DARE?

 Find out more about DARE and how it might help you.

Still have more questions?

Here you will find the answers to questions we get asked the most about DARE applications.