Find out how you can access higher education in Ireland
Find out how you can access higher education in Ireland

Neamhord Comhordaithe Forbartha (DCD) – Diospraicse

Tabhair faoi deara nach nglactar le diagnóis neamhspleách de “diosgraife” chun críche BRODM. Breithneofar a leithéid má tá sé i gceist mar chuid de/mar thoradh ar NCF nó Saindeacracht Foghlama (SDF; lena n-áirítear disléicse agus dioscalcúile).

Gairmí Cuí Teiripeoir Saothair NÓ Fisiteiripeoir Cairte NÓ Néareolaí NÓ Péidiatraí
Cineál na Cáipéisíochta a Theastaíonn Comhlánaigh Foirm um Fhianaise ar Mhíchumas 2025 NÓ cuir isteach tuairisc atá comhlánaithe cheana féin ag Teiripeoir Saothair NÓ Fisiteiripeoir Cairte NÓ Néareolaí NÓ Péidiatraí ina bhfuil na mionsonraí céanna agus atá le fáil i bhFoirm um Fhianaise ar Mhíchumas 2026. Caithfidh an cháipéisíocht a bheith sínithe AGUS ar pháipéar ceannchlóite (NÓ stampáilte NÓ curtha isteach i dteannta le cárta gnó). Ní mór go sonrófaí go soiléir sa tuairisc deacrachtaí ó aois óg nó ní mór fianaise a sholáthar ina bhfuil mionsonraí maidir le láithreacht fhadtéarmach Neamhoird Comhordaithe Forbartha (NCF; lena n-áirítear diospraicse), agus go bhfuil deacrachtaí ag an iarratasóir a chuir isteach ar a s(h)aol sa bhaile agus sa scoil.
Aois Riachtanach na Tuairisce Níl aon teorainn aoise ar an tuairisc ón Teiripeoir Saothair NÓ ó Fhisiteiripeoir Cairte NÓ ó Néareolaí NÓ ó Phéidiatraí.
Míchumais Eile Cuir Foirm um Fhianaise ar Mhíchumas ar fáil do gach míchumas/riocht atá le breithniú.
Ráiteas Tionchair Oideachasúil (RTO) Cuireann an Ráiteas Tionchair Oideachasúil ar do chumas agus ar chumas do scoile sonraí a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a raibh tionchar ag do mhíchumas ar d’eispéireas in oideachas dara leibhéal. Tá an RTO riachtanach do gach iarratasóir.
Incháilitheacht do BRODM

Tuairisc ó Theiripeoir Saothair NÓ ó Fhisiteiripeoir Cairte NÓ ó Néareolaí NÓ ó Phéidiatraí d’aon aois, ina sonraítear go soiléir go bhfuil deacrachtaí ag an iarratasóir atá comhsheasmhach le Neamhord Comhordaithe Forbartha (NCF; lena n-áirítear diospraicse). Sa chás go gcinneann an Teiripeoir Saothair nó Fisiteiripeoir Cairte go bhfuil gá le measúnú néareolaíochta agus/nó cumais ghinearálta ach raibh bhfuil torthaí a leithéid sin aige nó aici nuair a bhíonn an tuairisc á comhlánú, is leor ráiteas ina sonraítear go soiléir go bhfuil deacrachtaí ag an iarratasóir atá comhsheasmhach le Neamhord Comhordaithe Forbartha (NCF; lena n-áirítear diospraicse).  comhlíonann an t-iarratasóir aon mheascán de dhá tháscaire tionchair oideachais idir Táscaire 1 agus Táscaire 5 ar RTO.   

For more information, contact the Access Office in one of the participating colleges

What is DARE?

 Find out more about DARE and how it might help you.

Still have more questions?

Here you will find the answers to questions we get asked the most about DARE applications.