Find out how you can access higher education in Ireland
Find out how you can access higher education in Ireland

Disléicse/ Deacrachtaí Suntasacha Litearthachta

NÓTA: Tá catagóir nua bunaithe ag BRODM in ionad chatagóir na SDF. Tá dhá chatagóir nua, níos mó, cruthaithe againn ina hionad:
• Disléicse/ Deacrachtaí Suntasacha Litearthachta (sonraí thíos), agus;
• Dioscalcúile/ Deacrachtaí Suntasacha Uimhearthachta

Is féidir leis na hiarratasóirí ar a bhfuil Disléicse/ Deacrachtaí Suntasacha Litearthachta iarratas a dhéanamh ar BRODM ar dhá bhealach 
A: Iarratasóirí ag a bhfuil Tuarascáil Measúnaithe Shíceolaíoch ina sainaithnítear Disléicse (léigh critéir scagtha A)
B: Iarratasóirí ag a bhfuil Deacrachtaí Suntasacha Litearthachta ach NACH bhfuil Tuarascáil Measúnaithe Shíceolaíoch acu ina sainaithnítear Disléicse (léigh critéir scagtha B)

CRITÉIR SCAGTHA A: Iarratasóirí ag a bhfuil Tuarascáil Measúnaithe Shíceolaíoch ina sainaithnítear Disléicse 
Gairmí Cuí Síceolaí atá cáilithe go cuí
Cineál na Cáipéisíochta a Theastaíonn Tuairisc Mheasúnaithe Shíceolaíoch ina sainaithnítear Disléicse, mar atá mínithe i bhFaisnéis do Shíceolaithe BRODM 2025. Ní mór go mbeadh gach tástáil ábhartha, bailí, iontaofa agus aois-oiriúnach. Ba cheart feidhmíocht a thuairisciú i bhfoirm scór caighdeánach agus pointí peircintíle; níl scóir choibhéiseacha inghlactha. Ní leor raonta scóir agus raonta tuairisciúla ina n-aonar. Sa chás go dtuairiscítear a leithéid ina n-aonar, d’fhéadfaí glacadh leis go bhfuil an t-iarratasóir neamh-incháilithe. Ba cheart do shíceolaithe féachaint ar Fhaisnéis do Shíceolaithe BRODM 2025.
Aois Riachtanach na Tuairisce Níl aon teorainn aoise ar an bhfianaise dhiagnóiseach a chuirtear isteach.
Míchumais Eile Cuir Foirm um Fhianaise ar Mhíchumas ar fáil do gach míchumas/riocht atá le breithniú.
Ráiteas Tionchair Oideachasúil (RTO) Cuireann an Ráiteas Tionchair Oideachasúil ar do chumas agus ar chumas do scoile sonraí a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a raibh tionchar ag do mhíchumas ar d’eispéireas in oideachas dara leibhéal. Tá an RTO riachtanach do gach iarratasóir.
Incháilitheacht do BRODM Le cois na Tuairisce Measúnaithe Síceolaíoch d’aon aois atá comhlánaithe ag síceolaí ina sonraítear go soiléir diagnóis de dhisléicse, NÍ MÓR go mbeadh dhá scór gnóthachtála litearthachta ag nó faoin 10ú peircintíl ag iarratasóirí (Scór Caighdeánach de 81 nó faoina bhun).
Is féidir scóir na tástála gnóthachtála a chur i láthair ar cheann de na trí bhealach seo a leanas:
1. Scoileanna: Is féidir leis an scoil scóir ghnóthachtála a iontráil i Táscaire 6 trí úsáid a bhaint as scóir ghnóthachtála ó thástáil scoil-bhunaithe a dhéantar an 1 Feabhra 2024 nó ina dhiaidh.
2. Síceolaí: Sa chás go dtagann na scóir ghnóthachtála ó thástálacha a rinne síceolaí atá cáilithe go cuí, ní mór ceann amháin díobh seo a leanas a chur isteach:
• Tuarascáil Measúnaithe Síceolaíochta iomlán ina bhfuil na scóir ghnóthachtála ábhartha ó thástáil a rinneadh an 1 Feabhra 2024 nó ina dhiaidh sin NÓ
• Bileog Achoimre Gnóthachtála Litearthachta/Uimhearthachta BRODM 2026 comhlánaithe go hiomlán nó tuairisc achomair chomhionann ó Shíceolaí.
1. Meascán: Sa chás go bhfuil meascán scór ó shíceolaí agus tástáil scoilbhunaithe á dtuairisciú, is féidir leis an scoil gach scór a chur isteach i dTáscaire 6 ach caithfidh ceann de na doiciméid atá liostaithe i bpointe 2 thuas a bheith ina dteannta sin.
I ngach cás, ní mór an tástáil a bheith déanta ar nó tar éis 1 Feabhra 2024 agus ní mór do gach iarratasóir Ráiteas Tionchair Oideachais comhlánaithe ag a scoil a chur isteach.
D’fhéadfadh an t-iarratasóir a bheith incháilithe nuair a bheidh doiciméid shásúla curtha ar fáil do BRODM, lena ndeimhnítear an méid seo a leanas:
Táscaire Tionchair Oideachasúil 6: Gnóthachtáil ag nó faoin 10ú peircintíl/SS 81 in dhá réimse litearthachta ó:
• Cruinneas léitheoireachta
• Léitheoireacht focail aonair
• Léamhthuiscint
• Scileanna fóineolaíocha/ Díchódú bréagfhocal
• Luas/ líofacht léitheoireachta
• Litriú
• Luas scríbhneoireachta
AGUS
aon táscaire eile ó na táscairí tionchair oideachais idir táscaire 1 agus táscaire 5 chun critéir tionchair oideachais BRODM a chomhlíonadh.

CRITÉIR SCAGTHA B: Iarratasóirí ag a bhfuil Deacrachtaí Suntasacha Litearthachta ach NACH bhfuil Tuarascáil Measúnaithe Shíceolaíoch acu ina sainaithnítear Disléicse
Gairmí Cuí Múinteoir Riachtanas Speisialta Oideachais (RSO) agus comhshínithe ag an bPríomhoide/ag an Leas-Phríomhoide
Cineál na Cáipéisíochta a Theastaíonn Cuir isteach Cuid D comhlíonta ina hiomláine: Ráiteas Scoile lena ndeimhnítear go bhfuil taifead d’idirghabhálacha scoilbhunaithe ag an iarratasóir a dhéileálann le deacrachtaí litearthachta leanúnacha. Ní mór go mbeadh an ráiteas seo á dheimhniú ag Síniú ó RSO na scoileanna agus comhshínithe ag an bPríomhoide/ag an Leas-Phríomhoide agus ní mór go mbeadh stampa na scoile air.
Aois Riachtanach na Tuairisce Níl aon teorainn aoise ar an bhfianaise dhiagnóiseach a chuirtear isteach.
Míchumais Eile Cuir Foirm um Fhianaise ar Mhíchumas ar fáil do gach míchumas/riocht atá le breithniú.
Ráiteas Tionchair Oideachasúil (RTO) Cuireann an Ráiteas Tionchair Oideachasúil ar do chumas agus ar chumas do scoile sonraí a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a raibh tionchar ag do mhíchumas ar d’eispéireas in oideachas dara leibhéal. Tá an RTO riachtanach do gach iarratasóir.
Incháilitheacht do BRODM

NÍ MÓR go mbeadh dhá scór gnóthachtála litearthachta ag iarratasóirí ag nó faoin 10ú peircintíl (Scór Caighdeánach de 81 nó faoina bhun). Litearthacht/Uimhearthacht
Is féidir leis an scoil na scóir ghnóthachtála a chur isteach i dTáscaire 6 ach scóir ghnóthachtála a úsáid ó thástáil scoilbhunaithe a dhéantar ar an 1 Feabhra 2023 nó ina dhiaidh sin.
D’fhéadfadh an t-iarratasóir a bheith incháilithe nuair a bheidh doiciméid shásúla curtha ar fáil do BRODM, lena ndeimhnítear an méid seo a leanas:
Táscaire Tionchair Oideachasúil 6: Gnóthachtáil ag nó faoin 10ú peircintíl/SS 81 in dhá réimse litearthachta ó:
• Cruinneas léitheoireachta
• Léitheoireacht focail aonair
• Léamhthuiscint
• Scileanna fóineolaíocha/ Díchódú bréagfhocal
• Luas/ líofacht léitheoireachta
• Litriú
• Luas scríbhneoireachta
AGUS
aon táscaire eile ó na táscairí tionchair oideachais idir táscaire 1 agus táscaire 5 chun critéir tionchair oideachais BRODM a chomhlíonadh.

For more information, contact the Access Office in one of the participating colleges

What is DARE?

 Find out more about DARE and how it might help you.

Still have more questions?

Here you will find the answers to questions we get asked the most about DARE applications.