Gairmí Cuí | Comhairleoir/Speisialtóir ábhartha cuí don mhíchumas/riocht. Sa chás go bhfuil iarratasóir ag fáil cúraim ó Chomhairleoir/ó Speisialtóir ábhartha, is féidir le Cláraitheoir ar ball dá f(h)oireann é nó í fianaise ar an míchumas a chur ar fáil. |
Cineál na Cáipéisíochta a Theastaíonn |
Comhlánaigh an Fhoirm um Fhianaise ar Mhíchumas 2026 NÓ Cuir tuarascáil ar fáil atá comhlánaithe ag an ngairmí oiriúnach ina bhfuil na sonraí céanna agus atá le fáil san Fhoirm um Fhianaise ar Mhíchumas. Caithfidh an cháipéisíocht a bheith sínithe agus ar pháipéar ceannchlóite. *Sa chás go bhfuil Ailse iarratasóra ag Fuarú, ní mór d’iarratasóirí den sórt sin tuairisc a chur ar fáil (ní mór go mbeadh an tuairisc níos lú ná 3 bhliain d’aois, i.e. ní mór go mbeadh an tuairisc dátaithe i ndiaidh an 1 Feabhra 2023) lena ndeimhnítear go raibh ailse ag an iarratasóir ach go bhfuil an ailse sin ag fuarú anois. |
Aois Riachtanach na Tuairisce | Caithfidh an tuairisc a bheith níos lú ná 3 bliana d’aois, i.e. dátaithe tar éis an 1 Feabhra 2023. |
Míchumais Eile | Cuir Foirm um Fhianaise ar Mhíchumas ar fáil do gach míchumas/riocht atá le breithniú. |
Ráiteas Tionchair Oideachasúil (RTO) | Cuireann an Ráiteas Tionchair Oideachasúil ar do chumas agus ar chumas do scoile sonraí a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a raibh tionchar ag do mhíchumas ar d’eispéireas in oideachas dara leibhéal. Tá an RTO riachtanach do gach iarratasóir. |
Incháilitheacht do BRODM | Beidh an t-iarratasóir incháilithe nuair a bheidh tinneas suntasach agus leanúnach diagnóisithe ag an iarratasóir, (e.g. sa chás go bhfuil tréimhse reachta níos faide ná aon bhliain amháin) AGUS nuair a chomhlíonann an t-iarratasóir aon mheascán de dhá tháscaire tionchair oideachais idir Táscaire 1 agus Táscaire 5 ar RTO. |