Faigh amach conas is féidir leat teacht ar ardoideachas in Éirinn

An bhfuil gach rud a theastaíonn uaim?

Is féidir leat an leathanach seo a úsáid chun eolas a fháil faoi na cineálacha doiciméad a bheidh le cur ar fáil agat.  Ná déan dearmad nach mór do dhoiciméid tacaíochta a sheoladh chuig an CAO tríd an bpost faoin 15 Márta

Seicliosta don Iarratas

Téigh siar ar gach ceist agus tabhair freagra ‘Tá’/‘Níl’ ar gach ceann acu.

Sa chás gurb é ‘Tá’ an freagra a roghnaíonn tú, seiceáil an colún dar teideal “Doiciméad Riachtanach”. Tá eolas le fáil sa cholún sin faoi na doiciméid nach mór duit a sheoladh chuig an CAO faoin 15 Márta 2026. Má tá eolas maidir le hioncam ó bheirt tuismitheoirí curtha ar fáil agat, ní mór duit doiciméid a chur ar fáil ina bhfuil eolas maidir le hioncam na beirte.

An raibh do thuismitheoir/do chaomhnóir ag glacadh páirt i bhfostaíocht le híocaíocht in 2023 ar bhonn lánaimseartha, páirtaimseartha nó sealadach?
An raibh do thuismitheoir/do chaomhnóir féinfhostaithe, páirteach i bhfeirmeoireacht nó ag fáil cíos ó réadmhaoin ar cíos in 2024?
An bhfuair do thuismitheoir/do chaomhnóir aon íocaíocht leasa shóisialaigh in 2024 seachas sochar linbh?
An bhfuair do thuismitheoir/do chaomhnóir aon íocaíocht chnapshuime in 2024 óna (h)iarfhostóir de bhrí go bhfuair sé nó sí fógra iomarcaíochta?
  • Ioncam ó Thuaisceart Éireann/ón Ríocht Aontaithe:   

Is féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí a fhaigheann ioncam ó fhostaíocht ó Thuaisceart Éireann/ón Ríocht Aontaithe Ráiteas ar Ioncam agus ar Cháin (arna eisiúint ag Ioncam agus Custaim Bhanríon Shasana (HMRC)) a chlúdaíonn an tréimhse Aibreán 2023 – Márta 2023 nó Aibreán 2024 – Márta 2024 

Is féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí a fhaigheann ioncam féinfhostaíochta cáipéis Fógra ar Mheasúnú nó ar Fhéinmheasúnú arna eisiúint ag HMRC  (Aibreán 2022 – Márta 2023 nó Aibreán 2023 – Márta 2024)    ina léirítear ioncam iomlán.

Eolas Breise

Cliceáil ar cheann de na naisc thíos chun tuilleadh eolais a fáil faoi BRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil leis an Oifig Rochtana i gceann de na coláistí rannpháirteacha

Cé dó bealach rochtana BRA?

Conas a dhéanaim iarratas?