An bhfuil gach rud a theastaíonn uaim?
Is féidir leat an leathanach seo a úsáid chun eolas a fháil faoi na cineálacha doiciméad a bheidh le cur ar fáil agat. Ná déan dearmad nach mór do dhoiciméid tacaíochta a sheoladh chuig an CAO tríd an bpost faoin 15 Márta
Seicliosta don Iarratas
Téigh siar ar gach ceist agus tabhair freagra ‘Tá’/‘Níl’ ar gach ceann acu.
Sa chás gurb é ‘Tá’ an freagra a roghnaíonn tú, seiceáil an colún dar teideal “Doiciméad Riachtanach”. Tá eolas le fáil sa cholún sin faoi na doiciméid nach mór duit a sheoladh chuig an CAO faoin 15 Márta 2026. Má tá eolas maidir le hioncam ó bheirt tuismitheoirí curtha ar fáil agat, ní mór duit doiciméid a chur ar fáil ina bhfuil eolas maidir le hioncam na beirte.
- Ioncam ó Thuaisceart Éireann/ón Ríocht Aontaithe:
Is féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí a fhaigheann ioncam ó fhostaíocht ó Thuaisceart Éireann/ón Ríocht Aontaithe Ráiteas ar Ioncam agus ar Cháin (arna eisiúint ag Ioncam agus Custaim Bhanríon Shasana (HMRC)) a chlúdaíonn an tréimhse Aibreán 2023 – Márta 2023 nó Aibreán 2024 – Márta 2024
Is féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí a fhaigheann ioncam féinfhostaíochta cáipéis Fógra ar Mheasúnú nó ar Fhéinmheasúnú arna eisiúint ag HMRC (Aibreán 2022 – Márta 2023 nó Aibreán 2023 – Márta 2024) ina léirítear ioncam iomlán.
Eolas Breise
Cliceáil ar cheann de na naisc thíos chun tuilleadh eolais a fáil faoi BRA